ag
(Prep Simp)

Bhí pictiúir gan fhuaim ag teacht ón teilifís i gcoirnéal an tseomra sa bheár seo i mBéal Feirste, a bhí lán ó chúl go doras. 🔊

D'amharc Jimmy ar na teidil a bhí ag teacht agus ag imeacht ón scannán roimh nuacht a naoi a chlog. 🔊

Bheadh Sarah, a bhean chéile, ag streachailt go crua ag iarraidh na páistí a chur a luí. 🔊

ndearcfadh ar an am a chuaigh thart, déarfadh geallghlacadóir ar bith go mbeadh an bua ag Sarah arís eile. 🔊

Bhí a choinsias ag cur isteach chomh mór sin air is nach raibh pléisiúr laghad aige san oilithreacht sheachtainiúil go tobar Bhacais lena chomrádaithe. 🔊

Mar sin de, bhí a fhios ag Jimmy nár bheo a bheo dtigeadh na bhaile roimh an deich a chlog, ndéanfadh, bhéarfadh Sarah a sháith . 🔊

Bhí oibrithe amach ina intinn aige go raibh am aige le cur eile a chur ar clár agus ansin go dtiocfadh leis slán a fhágáil ag an chuideachta agus a bhealach a dhéanamh a fhad leis an Jasmine Palace, áit a dtiocfadh leis curaí a fháil féin agus chop suey do Sarah, cuid eile de dheasghnátha na hAoine. 🔊

Ar ndóigh, bhí Billy ag ceiliúradh an linbh úir i rith na seachtaine. 🔊

Tháinig an gaffer air le casaoid chrua fán dóigh a raibh ag leagan na mbrící. 🔊

B'éigean do Jimmy tarrtháil a thabhairt air agus geallstan don gaffer go gcoinneodh ag gabháil mar ba cheart é. 🔊

Bhí Micí, an freastalaí, ansin roimhe agus é ag éisteacht leis na pótairí a bhíina suí ag an bheár, b'fhíor . 🔊

Níor thuig Jimmy cad chuige nach raibh na fir seo ag iarraidh gabháil na bhaile. 🔊

Bhain bunús bliana as deis a chur ar a theach, ag obair ag deireadh na seachtaine agus achan oíche, amach ó oíche Aoine, ar ndóigh. 🔊

Ach ba é Sarah a rinne biale de, na cuirtíní a rinne as fuílleach éadaigh a cheannaigh ag aonach na hAoine, na cathaoireacha nach dtug ach deich bpunt orthu i ujumble agus ar chuir snas úr orthu. 🔊

Anois, agus é ag fanacht lena sheal ag an bheár, b'fhada le Jimmy go dtaradh oíche Shathairn nuair a bheadh féin agus Sarah ábalta teannadh lena chéile ar an tolg ag amharc ar video agus buidéal beag fíona acu. 🔊

Is dóiche nach bhfuil ag fáil mórán codlata ar an aimsir seo..." 🔊

Anois, b'fhada le Jimmy go dtógadh iad, duine ar achan lámh, agus go dteannadh lena chroí iad agus go dtéadh a cheol daofa agus éisteacht leo ag plobaireacht. 🔊

Chaith siad deireadh a phionta, d'fhág slán ag an chuideachta agus rinne a bhealach a fhad le biatheach na Síneach. 🔊

Bhí a n-aird ar an bhiachlár ghealbhuí fána lán mílitriú agus bhí siad ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin cad é a cheannódh siad ar na pinginí a bhí fágtha acu. 🔊

Bhí Liz, mar a thug achan chustaiméir uirthi, ag freastal - girseach scór mbliain, í díomhaoin, go raibh iníon bheag ceithre mblian aici, rud a d'inis do Jimmy i modh rúin. 🔊

"Níl mórán de do mhacasamhail ag gabháil ar an aimsir seo. 🔊

Bunús na bhfear, bhíonn ag cur bhuartha orthu ach iad féin agus na cairde agus a gcuid piontaí." 🔊

Bhí tost míshuaimhneach eatarthu agus bhí Jimmy sásta nuair a tháinig duine de na stócaigh óga chuige ag iarraidh mionairgead briste ar bith a bheadh na pócaí aige. 🔊

Thiontaigh Liz a súil ó na stócaigh gharbha a bhí ag diurnú bhuidéal an Olde English. 🔊

Chuaigh a smaointiú ar an chraos tine a bheadh sa teallach roimhe, agus ar an phláta agus an fhorc a bheadh réidh ag Sarah agus í ag súil leis na bhaile. 🔊

Caillte ina smaointe féin, raibh a fhios ag Jimmy cad é abhí ag gabháil ar aghaidh thart air. 🔊

Níor chuala an carr gan solas a bhí ag tarraingt air go fadálach as dorchadas na hoíche. 🔊

fhaca an splan solais, ach ar an tsaol seo dáiríre, scaoil stócach a raibh caint b aghraiflí aige an mhuintir a bhí sa teach itheacháin, scaoil urchar a shíob leath an chloiginn de Jimmy agus a d'fhág ina luí ar an tsráid reoite é. Bhí an fhuil ag púscadh ar an talamh fhuar liath agus ag meascadh lena raibh sna boscaí aluminium. 🔊

Frequency index

Alphabetical index